An bhfuil cláir spóirt beo níos fearr ná cine iarbheo? - Pléann Seán Ó'Mhuirgháile tríd na díospóireachta

The Sunday Game returns to our screens this weekend with live coverage of Tyrone v Down at Healy Park.

John Morley

Tá séasúr an Cumann Luthcleas Gael i mbarr a réime ag tús an tSamhraidh agus tá díospóireacht i gceist faoi cad atá le déanamh le haghaidh níos mó cluichí a chraoladh ar an teilifís.

Cóicís ó shin, bhí agallamh agam le Fiontáin O'Conchubair, Bainisteoir Ciarraí san iomáint. Tá iománaí na Ríochta ag imirt i gcomórtas Corn Seosamh Mhic Dhonnacha, an tarna sraith san iomáint. Dar le O'Conchubair, Is gá do an CLG cead a tabhairt do craoltóirí ar an idirlíon na cluichí seo a chraoladh mar a déantar i gcomórtas Corn Mhic Giobúin le Electric Ireland.

Bhí seans ag daoine ar fud na tíortha na laids óg a fhéiceáil agus iad leis na bunscileanna ar fad agus iománaí as na daingne iománaíochta a mholadh chomh maith, cosúil le iománaí Ciarraí Shane Conway.

Má thugann an CLG seans do na croaltóirí seo, nó TG4, cluichí beo as Corn Seosamh Mhic Dhonnacha, Corn Críostóir Ó Rinn agus na cluichí nach bhfuil tuilleadh suime ag tromlach na ndaoine a chraoladh beidh sé go hiontach don CLG, na lucht tacaíochta agus na imreoirí.

Má Chraolaítear na cluichí seo beo, beidh stadús na cluiche agus deiseanna urraíochta níos fearr tar éis ná mar a bhi siad riamh.

Labhair mé le Árd Stiúthóir TG4 Alan Esslemont Samhain seo caite faoi an clár spóirt is fearr liom agus a bhfuil críochnaithe anois, Seó Spóirt, clár painéil a bhí ag TG4 uair amháin.

Mhínigh Esslemont go raibh sé ar TG4 an chlár seo a chríochnú toisc nach raibh go leor suim i spórt nuair a bhí sé iar-bheo agus go bhfuil na buaicpointí atá le fáil le GAA 2018/19 níos fearr ar thaobh na uimhreacha lucht féachanna.

"Níor thugamar Seó Spóirt ar ais go dtí seo mar go déanaimid go leor caint ar spórt i gcomhthéacs na cláreachaí móra beo spórt.

"B'fhéidir go mbeadh an rud is tábachtaí maidir le spórt agus teilifís líonach anois ná go bhfuil sé beo," a dúirt an t-Árd Stiúthóir san Institiúid Baincéireachta.

Is dócha go raibh pointe aige. Ba cuma liom faoi 'The Sunday Game' nuair atá na cluichí go léir feicte agam. B'Fhearr liom féachaint ar GAA 2019 chun na buaicphointí a fháil gan anailís. Is fearr níos mó cluichí a fhéiceáil cosúil leis na cluichí sa Chorn Seosamh Mhic Dhonnacha.

Mar is eol do chách tá an CLG in ann na cearta cluichí a tabhairt amach afách ag an am céanna níl sé chomh soiléir cad í an fhadhb? An bhfuil an CLG ag iarraidh na cluichí go léir a choimead ar stáisiúin na stáite? An bhfuil praghas na ceartaí ró-ard?

I ndáiríre níl a fios agam. Deirtear nach bhfuil suim ag RTE an Chorn Seosamh Mhic Dhonnacha a chroaladh agus ar an thaobh eile, deirtear go ndúirt an CLG 'Níl' chuig RTE nuair a chuir siad an cheist faoi na cluichí Chorn Mhic Dhonnacha.

Muna bhfuil an CLG chun na gcluichí seo a tabhairt amach chuig RTE, Is gá dóibh na cluichí a tabhairt do na stáisiúin líonach cosúil le 'Mayo GAA TV' agus na stáisiúin áitiúla eile chun na cluichí a chur chun cinn.

Dá mbeadh fadbh airgid i gceist le na stáisiúin seo ar thaobh na ceartaí, cén fáth nach mbeidh pátrún ann chun urraíocht a dhéanamh ar chlár faoi Corn Seosamh Mhic Dhonnacha.

Tá an t-am sroichte anois chun meas agus creidiúnt a thabhairt ar chuile imreoir idirchontae agus na lucht féachana ar fud na tíre a gcluichí a léiriú agus a cheiliúradh.

Mar a deir an seanfhocal 'beatha teanga í a labhairt' agus cosúil le sin beatha na cluichí CLG iad a fhéicéail chun tacaíocht a bhailiú . Go háirithe sna chontaetha níos laige.