Idir dhá Chogadh

Chuir sin inár dtost sinn. Fiafraíodh cén fáth.

Ar mo shiúlta dom blianta ó shin ráinig mé a bheith i lúib chomhluadair idirnáisiúnta. Daoine as mórán tíortha ar domhan agus iad ag cabaireacht faoina bhfearann féin, a raibh go maith ina dtaobh, a raibh go dona. Is iontach mar a éiríonn duine cosantach má cháineann duine eile d’áit féin, bíodh gur féidir leatsa a bheith chomh gearánach le caoineadh na gaoithe Márta.

An Gearmánach lena mhíorúilt tionsclaíochta, an Francach lena Pháras, an Iodálach lena Renaissance, an Gréagach lena chuid fealsúnachta, an Sasanach lena impireacht, an Rúiseach lena Tholstoievski, an Brasaíleach lena chuid peile, mise leis an gcomórtas amhránaíochta Eurofíse. Bhí aon duine amháin inár measc, áfach, nach ndúirt giob go ceann i bhfad.

‘Tá sé ceart go leor daoibhse,’ar seisean, ‘a bheith ag caint mar gheall ar bhur gcuid tíortha féin, ach níl aon tír agamsa.’

Chuir sin inár dtost sinn. Fiafraíodh cén fáth.

READ MORE

‘Mar rugadh sa Phalaistín mé. Tháinig na saighdiúirí nuair a bhíos ocht mbliana d’aois agus ruaigeadar amach ar an mbóthar sinn. Tá daoine eile ina gcónaí sa teach sin anois.’

Meabhraíodh sin dom de thoisc na ndíbirtí is déanaí in Sheikh Jarrah a chuir tús leis an mbabhta cogaidh is déanaí idir Iosrael agus na Palaistínigh. Daoine fós á gcaitheamh amach ar an tsráid chun plandáil nua a dhéanamh, agus sinne abhus anseo a thuigeann iarmhairt phlandála go neamhbhinn.

Ar son go bhfuil sánas beag éigin ann anois idir dhá chogadh ba cheart go dtabharfadh sé caoi do chách seasamh siar agus an scéal a bhreithniú agus leathscéal ar iarracht fhánach a dhéanamh réiteach beagán eatramhach ar chnó crua na faidhbe seo a réamhphlé ar feadh tamaill. Thuigfeá ón timpeallán focal sin gur beag an dóchas atá agamsa go dtarlóidh aon ní dá shórt.

Dá fhaid siar sa stair is a ghabhann tú is ea is léire a thuigtear an aimsir láithreach. Is ea, baineann seo go príomha le scéal léanmhar an chine Ghiúdaigh agus mar ar scaipeadh chun na gceithre harda iad le linn tréimhsí éagsúla. Ina dhiaidh sin, an frithsheimíteachas gránna a d’fhulaing siad ar feadh breis agus míle bliain, go háirithe ó Chríostaithe na hEorpa. Is dothuigthe ar fad an frithsheimíteachas céanna toisc gurbh iad na Rómhánaigh a chuir Íosa chun báis, óir pionós Rómhánach speisialta ba ea an céasadh ar chrois, agus b’iad a cuid saighdiúirí a chomáin na tairní isteach. Ceann d’íoróna móra na staire ná gurb í an Róimh cathair cheannais an Chaitliceachais, sampla iontach d’fhochanúint de chuid siondróim Stockholm má bhí riamh.

Dúirt Claude Lanzmann, fear déanta Shoah, gur chúis mhórtais dó athbheochan mhíleata na nGiúdach agus is beag duine a mhaífeadh orthu é tar éis ar tharla dóibh. Is é uafás an chúrsa, áfach, nár dhein na Palaistínigh tada chun fíoch na míleatachta sin a thuilleamh. Cad é an nath seanchaite sin?: iad a bheith san áit chontráilte ag an am mícheart.

Níl aon toil chun réitigh léirithe ag Iosrael. Mo thuairim go bhfuil siad breá sásta mar atá. Níl sna héirithe amach ócáidiúla in Gaza ach pian um nóin dóibh anois is arís, cigilt bheag ar sheiche an stáit, cuileog ag seordán ar gá í a bhualadh ó am go chéile.

Ná níl aon toil ag na tíortha Arabacha dul sáite san iorghal arís. Déanadh cuid acu a loscadh cheana féin, agus deachtóirí lofa nó rithe ramhra is mó atá i gceannas orthu. Is mó an eagla atá orthu roimh chóip a sráide féin ná raibh Iosrael. Agus tá doicheall ar an Eoraip ar chúiseanna staire cos a ardú.

Mar sin, idir neart Iosrael, lofacht na rialóirí Arabacha, drochchoinsias na hEorpa agus sceimhle roimh antoisctheacht Ioslamach is faoiseamh idir dhá chogadh atá againn arís.

Alan Titley

Alan Titley

Scríbhneoir agus scoláire é Alan Titley. Alan Titley, a contributor to The Irish Times, is a writer and scholar